An úsáid a bhainimid as fianáin

Dáta Éifeachtach: 19 Márta 2025

Liosta Fianán

Riachtanach

Teastaíonn fianáin riachtanacha chun bunghnéithe an tsuímh seo a chumasú, ar nós logáil isteach shlán a sholáthar nó do chuid sainroghanna toilithe a athrú. Ní stórálann na fianáin seo aon sonraí pearsanta a d’fhágfadh go bhféadfaí duine a shainaithint uathu.

Feidhmiúil

Cabhraíonn fianáin fheidhmiúla le feidhmiúlachtaí áirithe a chur i gcrích, ar nós inneachar an tsuímh gréasáin a roinnt ar ardáin meán sóisialta, aiseolas a bhailiú, agus gnéithe tríú páirtí eile.

Anailísíocht

Úsáidtear fianáin anailísíochta chun an chaoi a n-idirghníomhaíonn cuairteoirí leis an suíomh gréasáin a thuiscint. Cabhraíonn na fianáin seo le faisnéis a sholáthar ar mhéadracht ar nós líon na gcuairteoirí, preabráta, foinse tráchta, etc.

Feidhmíocht

Úsáidtear fianáin fógráin chun fógraí saincheaptha a sholáthar do chuairteoirí bunaithe ar na leathanaigh ar thug tú cuairt orthu roimhe seo agus chun éifeachtacht na bhfeachtas fógraíochta a anailísiú.

Fógrán

Úsáidtear fianáin fógráin chun fógraí saincheaptha a sholáthar do chuairteoirí bunaithe ar na leathanaigh ar thug tú cuairt orthu roimhe seo agus chun éifeachtacht na bhfeachtas fógraíochta a anailísiú.

Eile

Is fianáin eile iad siúd atá á sainaithint agus nár aicmíodh in aon chatagóir go fóill.

Ní úsáidfidh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath an uirlis anailísíochta staitistiúla (ná ní ligfidh sí d’aon tríú páirtí í a úsáid) chun aon fhaisnéis faoi chuairteoirí ar ár suíomh a rianú nó a bhailiú a d’fhágfadh go bhféadfaí duine a shainaithint uathu. Ní chomhcheanglóimid aon sonraí a bhailítear ón suíomh seo le haon fhaisnéis ó aon fhoinse a d’fhágfadh go bhféadfaí duine a shainaithint uathu mar chuid den úsáid a bhainimid as uirlis anailísíochta staitistiúla Google. Ní chomhcheanglóidh Google do sheoladh IP le haon sonraí eile a choinníonn Google. Ní nascfaidh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ná Google seoladh IP le haitheantas úsáideora ríomhaire, ná ní fhéachfaidh siad lena nascadh.

Úsáideann Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath fianáin chun roghanna inrochtaineachta a cheadú ar an suíomh chun feidhmiú i gceart i.e. méid an téacs a mhéadú/a laghdú nó an chodarsnacht a athrú. Úsáidtear fianáin freisin chun go mbeidh úsáideoirí fóin póca in ann leagan móibíleach den suíomh a bhrabhsáil.

Fianáin Feidhmíochta Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath

Cuireann Fianáin Feidhmíochta Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ar ár gcumas cuairteanna agus foinsí tráchta a chomhaireamh ionas gur féidir linn feidhmíocht an tsuímh seo a thomhas agus a fheabhsú. Féadaimid a mheasúnú, mar shampla, cé na leathanaigh is mó agus is lú ag a dtéann cuairteoirí, agus má fhaigheann siad teachtaireachtaí earráide ó leathanaigh nó naisc ghréasáin. Ní bhailíonn na fianáin seo faisnéis a thugann aitheantas cuairteora le fios. Déantar faisnéis chomhiomlán as an bhfaisnéis ar fad a bhailíonn na fianáin sin, agus mar sin is faisnéis anaithnid í. Ní úsáidtear Fianáin Feidhmíochta Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ach chun an chaoi a n-oibríonn an suíomh seo a fheabhsú agus ní roinntear le tríú páirtithe iad. Cabhraíonn ceadú na bhfianán seo linn le feidhmíocht an tsuímh a fheabhsú.

Tuilleadh eolais faoi fhianáin

Is comhlacht tionscail é Interactive Advertising Bureau (IAB) a fhorbraíonn caighdeáin agus treoirlínte chun tacú le próisis ghnó ar líne. Chuir sé sraith leathanaigh ghréasáin i dtoll a cheile a mhíníonn an chaoi a n-oibríonn fianáin agus an chaoi ar féidir iad a bhainistiú. https://www.iab.net/

Fianáin a Chumasú/a Dhíchumasú

Féadfaidh tú glacadh le fianáin nó diúltú dóibh trí na socruithe ar do bhrabhsálaí a athrú. Insíonn suíomh IAB duit an chaoi le fianáin a bhaint de do bhrabhsálaí ar https://www.iab.net/